|
Description:
|
|
Déanaimid ceiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan agus Seachtain na Gaeilge sa phodchraoladh seo: roinneann laochra ban ón saol spóirt a gcomhairle agus a bhfoinsí ionspráide féin linn, cluinimid ón Ollamh Regina Uí Chollatáin faoi roinnt de na mná a raibh an-tionchar acu ar stair na teanga, i sraith úr Na Gaeil Úra insíonn an Dr. Fangzhe Qiu ón tSín dúinn faoin dúil atá aige sa teanga agus léann an file Sinéad Ní Thuamáin a dán, Dóchas an Fhile, a scríobh sí go speisialta fá choinne Seachtain na Gaeilge. |